“Agus cá bhfuil mac do mháistir?” arsan rí. D'fhreagair Zíbeá an rí: “Féach, d'fhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: ‘Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht m'athar ar ais dom inniu.’ ”
Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”
Is mairg dóibh! óir d'imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae.