Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 16:21

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Luigh leis na leannáin dá chuid a d'fhág d'athair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag d'athair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.”

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Iacób le Simeon agus Léiví: “Tá dochar déanta agaibh dom, mar go bhfuilim de bhur mbarr i m'ábhar fuatha ag áitritheoirí na tíre, na Canánaigh agus na Pirizigh. Táimse ar bheagán slua; má chruinníonn siad le chéile i m'aghaidh agus tabhairt fúm, scriosfar mé, mise agus mo theaghlach.”

Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é.

Ghabh sé suas chuici ar thaobh an bhóthair agus dúirt: “Téanam agus luigh liom.” Ní raibh a fhios aige gurbh í bean a mhic í. “Cad a thabharfaidh tú dom,” ar sí, “ar son céileachas a dhéanamh liom?”

Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú.

Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.

“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé d'aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo.

Dúirt Iónádáb leis: “Luigh síos ar do leaba agus lig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfaidh d'athair ar cuairt chugat abair: ‘Tagadh mo dheirfiúr Támár agus tugadh sí rud éigin le hithe dom, déanadh sí an bia a ullmhú os comhair mo shúl le go bhfeicfinn é, agus go n‑íosfainn é as a láimh.’ ”

D'imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d'fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis.

Agus dúirt Aibseálóm le hAichítifeil: “Déan do mhachnamh go maith; cad tá le déanamh againn?”

Ansin dúirt Húisí le hAibseálóm: “An chomhairle a thug Aichítifeil an turas seo, ní maith í.”

Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!”

Agus tháinig Dáiví go dtí a phálás i Iarúsailéim. Agus thóg sé an deichniúir leannán a d'fhág sé i bhfeighil an pháláis agus chuir sé i dteach faoi gharda iad. Rinne sé soláthar bia agus beatha dóibh, ach níor luigh sé leo a thuilleadh. Bhíodar faoi ghlas go lá a mbáis, ag maireachtáil amhail baintreacha.

Bhí sé namhdmhar le hIosrael fad a mhair Solamh agus bhíodh sé ag déanamh na hurchóide dála Hadad; b'fhuath leis Iosrael agus bhí sé i gceannas na Síre.

Lean sé air: “Iarr ar Sholamh rí, le do thoil, Aibíseag ó Shiúnaem a thabhairt dom mar bhean.”

D'fhreagair Solamh rí a mháthair: “Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d'Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.”

Ná bain an folach de nochtacht bhean d'athar; is í nochtacht d'athar í.

Fear a luíonn le bean a athar, bhain sé an folach de nochtacht a athar. Cuirtear iad araon chun báis; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.

Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún, a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael, sin mar a shábhálfaidh mé sibh nó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh; ná bíodh aon eagla oraibh mar sin ach músclaígí bhur misneach.”

Táthar á rá go forleathan go bhfuil an drúis in bhur measc agus is drúis i nach bhfaightear i measc na bpágánach féin;

Agus chuala Iosrael go léir an scéala gur scrios Sól garastún na bhFilistíneach, agus go raibh Iosrael anois in earraid leis na Filistínigh. Tháinig an pobal go léir le chéile go Sól ag Gilgeál.

Bhí muinín ag Áicís as Dáiví; “Tá fuath agus gráin a mhuintire féin, Iosrael, tuillte aige dó féin,” a mheas sé, “agus beidh sé ina shearbhónta agam go brách.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí