ach má fhilleann tú ar an gcathair agus a rá le hAibseálóm: ‘Beidh mé i mo shearbhónta agat, a rí; bhí mé tráth i mo shearbhónta ag d'athair, ach anois beidh mé i mo shearbhónta agatsa,’ beidh ar do chumas beartas Aichítifeil a shárú dom.
Agus dúirt Húisí le hAibseálóm: “Ní mar sin atá. Ach an té a thogh an Tiarna agus an pobal seo agus muintir Iosrael go léir is aigesean a bheidh mise, agus is leis-sean a fhanfaidh mé.
D'fhreagair Dáiví Áicís: “Tá go maith! Beidh a fhios agat cad is féidir le do sheirbhíseach a dhéanamh.” Agus dúirt Áicís le Dáiví: “An-mhaith! Ceapfaidh mé thú mar gharda cosanta orm le do shaol.”
“Cad tá déanta agam?” arsa Dáiví le hÁicís, “cén locht a fuair tú orm ón lá a chuaigh mé isteach i do sheirbhís go dtí anois féin a rá is go bhfuiltear a chosc orm troid in aghaidh naimhde mo thiarna, an rí?”