Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 16:10

An Bíobla Naofa 1981

Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m'aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois.

Ansin labhair Aibísí mac Zarúá amach: “Nach gcuirfear Simeí chun báis de bhrí gur chuir sé a mhallacht ar ungthach an Tiarna?”

“Céard é seo atá eadrainn, a mhaca Zarúá,” arsa Dáiví, “a rá is go mbeadh sibh inniu mar namhaid agam? Arbh fhéidir aon duine a chur chun báis in Iosrael ar a leithéid seo de lá? Nach inniu is eol dom go dearfa gur rí mé ar Iosrael?”

Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”

Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”

“Rud eile dhe, tá a fhios agat cad a rinne Ióáb mac Zarúá liom, agus cad a rinne sé le beirt cheannaire arm Iosrael, Aibnéar mac Néar agus Amásá mac Ieitir; conas mar a dhúnmharaigh sé iad; conas mar a rinne sé díoltas le linn síochána ar son fola a doirteadh le linn cogaidh; conas mar a smear sé crios mo choime agus cuaráin mo chos le fuil neamhchiontach.

Agus thairis sin, an bhfuilimse tagtha aníos chun an áit seo a ionsaí agus a scrios gan barántas ón Tiarna? Dúirt an Tiarna féin liom: Gluais i gcoinne na tíre sin agus déan é a scrios.’ ”

Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc? Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?

Saor mé ó mo chionta go léir, ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.

Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis “Céard atá tú a dhéanamh?”

Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é?

Ach d'iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.”

Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”

Malcas a ba ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: “Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupa a thug an tAthair dom, nach n‑ólfaidh mé é?”

Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”

Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.

Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí