Agus leanadh Aibseálóm air: “Uch nach gceapfaí mé i mo bhreitheamh sa tír! Ansin aon duine a mbeadh cúis nó caingean aige, d'fhéadfadh sé teacht chugamsa agus gheobhadh sé ceart uaim.”
Nuair a thagadh duine chuige le hómós a thabhairt dó, shíneadh sé amach a lámh, bheireadh greim air agus phógadh é.
Ná bíodh mustar ort i láthair an rí, agus ná seas in áit na bhflatha,
Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é; déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin.
Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoráin iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daorán é.
Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ”