Agus féach, tá a mbeirt mhac, Aichímeáz mac Zádóc, agus Iónátán mac Aibíátár, in éineacht leo; seolfaidh sibh gach scéala a gheobhaidh sibh chugamsa lena gcabhairsean.”
Dúirt an rí le Zádóc an sagart: “Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár.
Dúirt Húisí leis na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansin: “Thug Aichítifeil a leithéid seo agus a leithéid siúd de chomhairle d'Aibseálóm agus do sheanóirí Iosrael, ach mar seo agus mar siúd a chomhairligh mise dóibh a dhéanamh.
Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad.
Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.”