Nuair a bhí an caoineadh thart chuir Dáiví fios uirthi chun í a thabhairt chun a thí; bhí sí mar bhean aige, agus rug mac dó. Ach níor thaitin a raibh déanta ag Dáiví leis an Tiarna.
Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.
Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d'Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.”
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin” agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
An pota briste, beagmhaitheasach é, an fear seo Coiniá, an soitheach é gan dúil ag aon duine ann? Cad chuige ar teilgeadh amach iad, é féin agus a shliocht, ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?