Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 15:23

An Bíobla Naofa 1981

Rinne an tuath go léir caoineadh agus olagón agus na daoine ag gabháil thar bráid. Sheas an rí i nGleann Chidreon agus mháirseáil na daoine go léir thairis i dtreo an fhásaigh.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

“Ar aghaidh leat tharainn, más ea,” arsa Dáiví le hIotaí. Ghabh Iotaí an Giteach ar aghaidh lena chuid fear go léir agus na miondaoine go léir a lean é.

Fanfaidh mise i réitigh an fhásaigh go bhfaighidh mé gaoth an fhocail uaibhse.”

Dúirt an rí le Zíbeá: “Cá rachaidh tú leo sin?” D'fhreagair Zíbeá: “Do theaghlach an rí le marcaíocht orthu na hasail; do na saighdiúirí le hithe an t‑arán agus na torthaí samhraidh; le hól ag an mhuintir a éireoidh lag san fhásach an fíon.”

Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í.

An lá a rachaidh tú amach agus gabháil thar Ghleann Chidreon, bíodh a fhios agat go cinnte go bhfaighidh tú bás; beidh do chuid fola ar do cheann féin.”

Chuaigh na sagairt isteach ar fad i dTeampall an Tiarna lena ghlanadh agus thug siad amach aon ní neamhghlan a fuair siad i sanctóir an Tiarna, go cúirt Theampall an Tiarna; thóg na Léivítigh ansin é agus thugadar leo amach é go Gleann Chidreon.

Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”

Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:

Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”

Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.

Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chidreon. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail.

Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí