Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 15:21

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Iotaí an rí: “Dar an Tiarna beo, agus dar anam mo thiarna an rí, cibé áit ina mbeidh mo thiarna an rí, más beo, más marbh dó, is ann a bheidh do shearbhónta chomh maith.”

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

“Ar aghaidh leat tharainn, más ea,” arsa Dáiví le hIotaí. Ghabh Iotaí an Giteach ar aghaidh lena chuid fear go léir agus na miondaoine go léir a lean é.

agus dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.” Ach d'fhreagair Eilíseá: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar síos go Béitéil.

Dúirt Éilias leis: “Fan anseo, a Eilíseá, le do thoil, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Ireachó.” Ach d'fhreagair sé: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar ar aghaidh go Ireachó.

Dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá. Níl an Tiarna do mo chur ach go dtí an Iordáin.” D'fhreagair sé áfach: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú.” Agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le chéile.

Ansin dúirt máthair an linbh: “Dar an Tiarna beo agus dar do bheo féin, ní imeoidh mé uait.” Agus d'éirigh sé dá bhrí sin agus lean í.

Is cara cara i gcónaí, ach is d'uain na hainnise a shaolaítear deartháir.

[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.

Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.

Ach d'fhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.”

Ní á chasadh libh atáim, mar tá ráite agam cheana libh go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam chun bás nó beatha a fháil liom ann.

Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: “Is maith is eol do d'athair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: ‘Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.’ Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.”

Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d'anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí