Dúirt an rí le hIotaí an Giteach: “Cén fáth a bhfuil tusa ag teacht linne? Fill ar ais agus fan in éineacht leis an rí mar is coimhthíoch thú, agus deoraí ó do thír féin chomh maith.
Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.”
Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”
Dúirt Náoimí [le Rút] ansin: “Féach i leith orm anois. Siúd í bean do dhearthár imithe ar ais chun a muintire féin agus chun a dé féin. Imighse leat chomh maith agus lean bean do dhearthár.”