D'imigh an rí de chois agus a mhuintir go léir ina dhiaidh agus stad siad ag an teach deiridh.
D'imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d'fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis.
Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.
Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainn go ndeachamar trí thine is trí uisce; ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn.
Chonaic mé sclábhaithe ar muin capall agus prionsaí ag siúl ar an mbóthar mar sclábhaithe.