“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé d'aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo.
Tháinig éirí in airde ar Adoiníá mac Haigít agus mheas sé go mbeadh sé féin ina rí. Fuair sé seisreach agus carbad dá bhrí sin agus caoga fear le rith roimhe.
Is deimhin liom anois go bhfuil an bua tugtha ag an Tiarna dá ungthach; go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofa le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.
Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d'fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: ‘Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.’
Dúirt sé: “Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach.