Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 14:8

An Bíobla Naofa 1981

“Téigh abhaile,” arsa an rí ansin leis an mbean, “agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Anois tá an fine go léir éirithe i gcoinne d'ionailte: ‘Tabhair ar láimh an fear a mharaigh a dheartháir,’ a deir siad; ‘beidh a anam againn in éiric anam an té a mharaigh sé, agus millfimid an t‑oidhre chomh maith.’ Múchfaidh siad ar an gcuma sin cibé síol atá fágtha ar mo theallach agus ní fhágfaidh siad ainm ná sliocht ag m'fhear céile ar chlár na cruinne.”

Dúirt an bhean ó Theacóá leis an rí: “A thiarna rí! Go raibh an chiontacht ormsa agus ar mo mhuintir! Go raibh an rí agus a ríchathaoir gan locht!”

Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”

Ba athair mé don bhochtán, Agus d'iniúch mé cúis an duine anaithnid.

Baois agus náire is ea freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí