Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 14:7

An Bíobla Naofa 1981

Anois tá an fine go léir éirithe i gcoinne d'ionailte: ‘Tabhair ar láimh an fear a mharaigh a dheartháir,’ a deir siad; ‘beidh a anam againn in éiric anam an té a mharaigh sé, agus millfimid an t‑oidhre chomh maith.’ Múchfaidh siad ar an gcuma sin cibé síol atá fágtha ar mo theallach agus ní fhágfaidh siad ainm ná sliocht ag m'fhear céile ar chlár na cruinne.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

agus go ndéana sé dearmad dá bhfuil déanta agat ina aghaidh; ansin cuirfidh mé fios ort agus tabharfaidh mé ar ais thú on áit sin. Cén fáth go gcaillfinn sibh araon san aon lá amháin?”

Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m'fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.”

Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; d'iarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo.

Bhí beirt mhac ag d'ionailt, agus d'éirigh eatarthu amuigh sa ghort gan fear a n‑idirghabhála ann. Bhuail duine díobh an duine eile agus mharaigh é.

“Téigh abhaile,” arsa an rí ansin leis an mbean, “agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.”

Cuireadh an díoltach fola féin an dúnmharfóir chun báis. Nuair a bhuaileann sé leis, cuireadh sé chun báis é.

Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’

An chéad mhac a bhéarfaidh sí bíodh ainm an dearthár mhairbh air, d'fhonn nach scriosfaí a ainm as Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí