“Cad tá ort?” arsa an rí léi. “Mo chreach, is baintreach mé; tá mo chéile tar éis bháis.
Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a d'fhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé.
Ansin d'éirigh sí, d'imigh léi, bhain di an fial, agus chuir a héide baintrí uimpi arís.
Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!”
Bhí beirt mhac ag d'ionailt, agus d'éirigh eatarthu amuigh sa ghort gan fear a n‑idirghabhála ann. Bhuail duine díobh an duine eile agus mharaigh é.