Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 14:32

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Aibseálóm á rá le Ióáb: “Féach, chuir mé scéala chugat: ‘Tar anseo chugam d'fhonn go gcuirfidh mé thú go dtí an rí leis an teachtaireacht seo: Cén fáth ar tháinig mé ar ais ó Ghisiúr? B'fhearr dom a bheith ann fós! Lig dom anois dul isteach i láthair an rí; má táim ciontach, cuireadh sé chun báis mé.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

“An bhean a thug tú dom mar chéile,” arsa an fear, “ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d'ith mé é.”

Theith Aibseálóm, ámh, agus tháinig go Talmai, mac Aimíohúd, rí Ghisiúr, agus d'fhan sé ansiúd ar feadh trí bliana.

D'éirigh Ióáb agus d'imigh leis go dtí a theach go hAibseálóm. “Cén fáth,” ar sé, “gur chuir do ghiollaí mo ghort trí thine?”

a dhara mac Cileáb ó Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil; an tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Thalmaí rí Ghisiúr;

Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach i ndiamhair a chroí. Ní choimeádann sé eagla Dé os comhair a shúl.

Nár phléamar é seo leat san Éigipt? ‘Lig dúinn,’ a dúramar, ‘seirbhís a dhéanamh do na hÉigiptigh; b'fhearr dúinn bheith ag déanamh seirbhíse do na hÉigiptigh ná bás a fháil san fhásach!’ ”

agus deiridís leo: “Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.”

Ach bhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?” ar siad. “An d'fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?”

Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.

Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’

Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.

Nuair a tháinig Samúéil mar a raibh Sól dúirt Sól leis: “Go raibh beannacht ort faoin Tiarna! Chomhlíon mé orduithe an Tiarna.”

Bí cineálta dílis dá bhrí sin le do shearbhónta, mar d'aontaigh tú thú féin leis de bhrí chonartha in ainm an Tiarna. Ach má táim ciontach, cuirse féin chun báis mé - cad ab áil leat do mo bhreith go dtí d'athair?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí