Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 14:3

An Bíobla Naofa 1981

téigh go dtí an rí agus abair a leithéid seo leis,” agus chuir Ióáb a raibh le rá aici ina béal.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“Nach bhfuil lámh Ióáb ar do chúl sa ghnó seo go léir?” d'fhiafraigh an rí. D'fhreagair an bhean agus dúirt: “Chomh cinnte agus atá tú i do bheatha, a thiarna liom agus a rí, níl dul as ar dheis nó ar chlé ó na nithe a dúirt mo thiarna an rí liom. Sea, is é d'óglach Ióáb a d'iarr é seo orm; chuir sé na focail seo go léir i mbéal d'ionailte.

Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!”

agus sheol mé iad go hIdeo ceannasaí shanctóir Chásaifiá; d'inis mé dóibh an teachtaireacht a bhí le tabhairt acu do Ideo agus dá bhráithre a bhí ag cur fúthu i sanctóir Chásaifiá .i. searbhóntaí a sholáthar dúinn do Theampall ár nDé.

Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.

Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”

Maidir liom féin, is é seo mo chonradh leo, a deir an Tiarna: Mo spioradsa atá ag lonnú ort agus mo bhriathra atá curtha i do bhéal agam, ní imeoidh siad as do bhéal, ná as béal do shleachta, ná as béal shliocht do shleachta feasta go deo. Sin é a deir an Tiarna.

Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal. Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,

Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”

Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n‑ordaím dó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí