Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.
Agus é fós ina bheatha, rinne Aibseálóm an gallán atá i nGleann an Rí a roghnú agus a chur ina sheasamh i gcuimhne air féin. “Táim gan mac,” ar sé, “a choimeádfadh cuimhne m'ainm beo.” Bhí a ainm tugtha aige ar an ngallán, agus tugtar Gallán Aibseálóm air go dtí an lá inniu féin.
“Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna.
Is mar seo a deir an Tiarna “Scríobhaigí an fear seo faoin teideal: gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta, óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht suí i ríchathaoir Dháiví, ná rialú arís in Iúdá.”