Ach dúirt an rí: “Maireadh sé leis féin, ina theach féin; fanadh sé as mo radharc!” Chuir Aibseálóm faoi leis féin ina theach féin dá bhrí sin, agus níor tháinig sé i láthair an rí.
Dúirt a deartháir Aibseálóm léi: “An raibh do dheartháir Amnón ina luí leat? Socair anois, a dheirfiúr; sé do dheartháir é. Ná cuireadh sé seo buairt ar do chroí.” Ach d'fhan Támár go dubhach brónach i dteach a dearthár, Aibseálóm.
“Tá go maith,” arsa Dáiví, “déanfaidh mé conradh leat. Ach leagfaidh mé aon acht amháin ort; ní scaoilfear isteach i mo láthair thú mura dtugann tú leat Míceal, iníon Shóil, agus tú ag teacht i mo láthair.”