Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 14:15

An Bíobla Naofa 1981

Is é cúis faoinar tháinig mé le labhairt ar an ábhar seo le mo thiarna an rí, mar gur chuir daoine eagla orm, agus rith sé le d'ionailt: ‘Labhróidh mé leis an rí; b'fhéidir go ndéanfadh an rí mar a iarrfaidh a ionailt air.

Féach an chaibidil Cóip

3 Tagairtí Cros  

Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.

Mar déanfaidh an rí rud orm agus déanfaidh sé a ionailt a fhuascailt ó lámha an té a ghearrfadh mise agus mo mhac mar aon liom amach ó oidhreacht Dé.

Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann, Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí