Ansin dúirt sé: “Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.” D'fhreagair sé: “Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.”
Ansin chuaigh Iúdá suas chuige agus dúirt: “A thiarna, impím ort, lig do do shearbhónta focal a chur i do chluais le do thoil; agus ná las le fearg chun do shearbhónta, óir is cosúil le Forann féin tusa.
Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”
“Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile - mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh.
Agus tháinig sé ina treo. Dúirt an bhean: “An tú Ióáb?” “Is mé,” ar sé. Dúirt sí leis: “Tabhair cluas dá bhfuil á rá ag do bhansearbhónta.” “Táim ag éisteacht,” ar sé.
Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?
Chaith sí í féin ag a chosa agus dúirt: “Cuir an milleán seo ormsa amháin, a thiarna. Tabhair cluas do do bhanóglach, le do thoil, agus éist le focail do bhanóglaigh.