Ansin thóg sí an t‑oigheann, agus scaoil amach os a chomhair iad, ach dhiúltaigh sé greim a ithe. “Imíodh gach aon duine amach uaim,” arsa Amnón, agus d'imíodar.
Níor fhéad Iósaef smacht a choimeád air féin a thuilleadh os comhair a raibh ag friotháil air; ghlaoigh sé in ard a chinn agus dúirt: “Cuirigí gach aon duine chun siúil ó mo láthair.” Ní raibh aon duine i láthair dá bhrí sin nuair a bhí Iósaef á chur féin in aithne dá dheartháireacha.
Ansin dúirt Amnón le Támár: “Tabhair an bia isteach sa seomra laistigh le go n‑íosfainn as do láimh.” Rug Támár ar na cácaí a bhruith sí agus thug léi isteach iad go dtí a deartháir Amnón sa seomra laistigh.
Chuaigh Támár dá bhrí sin go teach a dearthár Amnón, mar a raibh sé ina luí. Fuair sí taos, d'fhuin é, agus rinne cácaí os comhair a shúl, agus bhruith sí na cácaí.
Ach d'fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: “Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.” “Ciúnas,” a d'fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair.