Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 13:5

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Iónádáb leis: “Luigh síos ar do leaba agus lig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfaidh d'athair ar cuairt chugat abair: ‘Tagadh mo dheirfiúr Támár agus tugadh sí rud éigin le hithe dom, déanadh sí an bia a ullmhú os comhair mo shúl le go bhfeicfinn é, agus go n‑íosfainn é as a láimh.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

“A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.”

Luigh Amnón síos dá bhrí sin agus lig sé air a bheith tinn. Nuair a tháinig an rí ar a thuairisc, dúirt Amnón leis an rí: “Tagadh mo dheirfiúr Támár agus déanadh sí cáca nó dhó os mo chomhair le go n‑íosfainn as a láimh.”

Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Luigh leis na leannáin dá chuid a d'fhág d'athair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag d'athair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.”

Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic, más d'fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.

Dá bhrí sin cuirigí sibhse agus an tsainidrín scéala chun an cheannasaí á iarraidh Pól a chur anuas chugaibh mar dhea gur mhaith libh a chás a fhiosrú ní ba chruinne. Agus beimidne réidh chun é a dhíothú sula mbeidh sé tagtha i ngar.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí