Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 13:34

An Bíobla Naofa 1981

Agus theith Aibseálóm. D'ardaigh an fear faire a shúile agus chonaic díorma mór chuige le fána bhóthar Bhachúraím. [Tháinig sé lena rá leis an rí: “Chonaic mé fir chugainn le fána bhóthar Bhachúraím] ar thaobh an tsléibhe.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Dúirt Iónádáb leis an rí: “Seo chugainn clann mhac an rí; tá críoch an scéil faoi mar a dúirt do shearbhónta.”

Bhí Dáiví ina shuí idir an dá gheata. Bhí an fear faire tar éis dul suas go dtí díon an gheata, ag an mballa; ag ardú a shúl dó d'fhéach sé agus chonaic fear ag rith leis féin.

An té ar a bhfuil fuil duine eile, beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.

mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí