Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 13:30

An Bíobla Naofa 1981

Fad a bhíodar ar an mbóthar chuala Dáiví an ráfla: “Mharaigh Aibseálóm clann mhac an rí gan fear inste scéil a theacht slán.”

Féach an chaibidil Cóip

3 Tagairtí Cros  

Thug giollaí Aibseálóm an íde a d'ordaigh Aibseálóm ar Amnón. Phreab clann mhac an rí go léir ina suí ansin agus léim ar a miúileanna agus theith leo.

D'éirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith.

Nuair a chonaic sé í stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “Uch, a iníon ó, cad é mar bhrón a chuireann tú orm! Mo mhairg gur thusa is cúis le mo chumha. Óir thug mé gealltanas don Tiarna agus ní thig liom dul siar ar mo mhóid.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí