Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?”
Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: “Ná síleadh mo thiarna,” ar sé, “gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a d'éignigh Amnón a dheirfiúr Támár.
“A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.”
Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá;
“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
D'fhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.”