Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 13:24

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig Aibseálóm chuig an rí agus dúirt: “Tá an mheitheal bhearrtha ag do shearbhónta; an mbeadh an rí agus a fheidhmeannaigh sásta teacht le do shearbhónta?”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí a mheitheal bearrthóirí ag Aibseálóm ag Bál Házór atá láimh le hEafráim, thug Aibseálóm cuireadh do chlann mhac an rí go léir.

D'fhreagair an rí agus dúirt le hAibsealóm: “Ní dhéanfaimid, a mhic; níor chóir dúinn go léir teacht agus bheith inár n‑ualach ort.” Cé go raibh Aibseálóm ag tathant air, ní rachadh sé ach chuir a bheannacht leis.

Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.

Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh.

Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d'aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí