Nuair a chuala Dáiví rí an scéal go léir, tháinig an-fhearg air; [ach ní raibh aon fhonn air díobháil a dhéanamh dá mhac Amnón mar go raibh cion aige air; ba é a chéadghin é].
Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.
Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár.
An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.