Nuair a chuala Dáiví rí an scéal go léir, tháinig an-fhearg air; [ach ní raibh aon fhonn air díobháil a dhéanamh dá mhac Amnón mar go raibh cion aige air; ba é a chéadghin é].
Clann mhac Iacóib, nuair a d'fhill siad on bhféarach agus gur chualadar an scéala, bhí míchéadfa agus fearg orthu, mar gur mhaslaigh Seicim Iosrael ag éigniú iníon Iacóib, coir nárbh fhéidir scaoileadh léi.
Ar an ábhar sin ní bheidh an claíomh go brách i bhfad ó do theaghlach, ó léirigh tú go bhfuil drochmheas agat ormsa agus ó ghlac tú bean chéile Úiríá an Hiteach mar bhean chéile agat féin.’
Dúirt a deartháir Aibseálóm léi: “An raibh do dheartháir Amnón ina luí leat? Socair anois, a dheirfiúr; sé do dheartháir é. Ná cuireadh sé seo buairt ar do chroí.” Ach d'fhan Támár go dubhach brónach i dteach a dearthár, Aibseálóm.
Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d'ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n‑ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael?