Cá rachainn ag iompar m'aithise? Agus maidir leat féin, bheifeá i d'óinmid gan náire in Iosrael. Imigh leat, impím ort, agus labhair leis an rí; ní dhiúltóidh sé mé a thabhairt duit.”
Féach, tá beirt iníon agam nár luigh le fear. Ligigí dom iad a thabhairt chugaibh amach agus déanaigí leo mar is mian libh. Ach maidir leis na fir seo, ná déanaigí aon ní leo, óir tháinig siadsan faoi dhíon mo thíse.”
ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.
Féach, seo maighdean iníne liom (agus a bhean luí), tabharfaidh mé amach chugaibh anois í. Déan bhur gcuid féin di agus déan mar is mian libh léi, ach ná déanaigí beart chomh náireach in aghaidh an fhir seo.”