Clann mhac Iacóib, nuair a d'fhill siad on bhféarach agus gur chualadar an scéala, bhí míchéadfa agus fearg orthu, mar gur mhaslaigh Seicim Iosrael ag éigniú iníon Iacóib, coir nárbh fhéidir scaoileadh léi.
Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m'ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’ ”
Ná bain an folach de nochtacht do dheirféar, cibé acu iníon do d'athair í, nó do do mháthair. Cibé acu a shaolaítear í sa teach céanna nó a mhalairt, ná bain an folach dá nochtacht.
Fear a ghabhann a dheirfiúr, iníon a mhathar nó iníon a athar, chuige mar bhean: Má fheiceann sé a nochtacht agus go bhfeiceann sise a nochtachtsan, is táire é. Cuirtear chun báis os comhair an phobail iad; bhain sé an folach de nochtacht a dheirféar agus bíodh iarsmaí a dhrochbhirt air.
ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.
ansin tugadh an fear a luigh léi leathchéad seicil airgid d'athair na mná óige agus bíodh sí mar bhean aige mar gur thruailligh sé í agus ní féidir dó í a chur uaidh lena shaol.
Ansin chuaigh fear an tí amach chucu agus dúirt leo: “Ná déanaigí, a dhaoine muinteartha, an choir ghráiniúil sin, impím oraibh. Is aoi agam an fear seo, ná déanaigí beart chomh náireach sin.
Thug mé liom mo bhean luí ansin agus ghearr ina piosaí í agus chuir í ar fud fearann oidhreachta Iosrael go léir, mar go bhfuil coir ghrainiúil náireach déanta ag na fir úd in Iosrael.