Agus í ag tabhairt an bhia ina chóngar, rug sé greim uirthi agus dúirt léi: “Tair agus luigh liom, a shiúr.”
agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: “Luigh liom.”
Ansin dúirt Amnón le Támár: “Tabhair an bia isteach sa seomra laistigh le go n‑íosfainn as do láimh.” Rug Támár ar na cácaí a bhruith sí agus thug léi isteach iad go dtí a deartháir Amnón sa seomra laistigh.
Déanann fear acu drúis ghránna le bean a chomharsan; truaillíonn fear eile bean a mhic; an tríú fear sáraíonn sé a dheirfiúr féin, iníon a athar.