Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.
Tháinig gráin mhór ag Amnón ansin di; an ghráin a bhí aige di, ba thréine í ná an grá a bhí aige roimhe sin di. Dúirt Amnón léi: “Bí i do shuí agus imigh leat.”
Thug Solamh rí grá do chuid mhór ban ón gcoigrích, ní amháin d'iníon Fhorainn ach do mhná de na Móábaigh, na hAmónaigh, na hEadómaigh, na Síodónaigh, na Hitigh,