Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.”
nó aon ní a dtug sé mionn éithigh ina thaobh; ní foláir dó an mhaoin bhunaidh go léir a chúiteamh, agus an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis léi, agus an t‑iomlán sin a aisíoc don té ar leis é ar lá a íobairt chúitimh.
Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”