Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 12:4

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a tháinig taistealaí ag lorg lóistín, níorbh áil leis an bhfear saibhir an strainséir a bhí tagtha chuige a chothú as a thréada agus as a tháinte féin, ach ina ionad sin rug sé ar uan an bhochtáin agus d'ullmhaigh é mar bhéile dá chuairteoir.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ní raibh ag an bhfear bocht ach uan baineann, aon cheann beag amháin a cheannaigh sé. Bheathaigh sé í agus d'fhás sí suas leis féin agus lena chlann, ag ithe a chuid aráin, ag ól as a chupán, ag codladh ar a bhrollach; ba chuma nó a iníon féin leis í.

Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: “Dar an Tiarna beo,” ar seisean le Nátán, “tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin.

ach cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é;

D'ardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: “Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí