Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 12:31

An Bíobla Naofa 1981

Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piocóidí agus tuanna iarainn, agus bhain sé feidhm astu ag déanamh brící. Thug sé an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d'fhill Dáiví agus an t‑arm ar fad go Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.

Bhain Dáiví an choróin de cheann Mhiolcom, agus fuair amach gur mheáigh sí tallann óir. Bhí cloch luachmhar suite inti as a ndearnadh ornáid do cheann Dháiví. Thug sé leis creach mhór as an gcathair.

Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piceanna, agus le tuanna iarainn. Thug Dáiví an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d'fhill Dáiví agus an t‑arm ar fad go Iarúsailéim.

“Tóg clocha móra i do lámha, agus i radharc mhuintir Iúdá folaigh iad i gcré [na faiche] atá ag dul isteach pálás Fhorainn i dTachpanaes.

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin,

lasfaidh mé tine i mballa Rabá agus dófaidh sí a páláis le gáir lá an chatha, le stoirm lá na doininne;

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Damaisce, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,

Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad á mbuaireamh agus á gcrá de shíor.

D'fhill Iósua agus Iosrael go léir fairis ar ais ar an gcampa i nGilgeál.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí