Cruinnigh an chuid eile den arm, más ea, suigh do champa i gcoinne na cathrach, agus tóg í d'fhonn nach ngabhfainnse an chathair agus m'ainm féin a thabhairt uirthi.”
Ansin chuir Ióáb teachtairí go Dáiví agus dúirt: “Rinne mé ruathar ar Rabá agus ghabh mé daingean an uisce.
Chruinnigh Dáiví an pobal go léir le chéile agus chuaigh go Rabá, agus throid ina coinne agus ghabh í.
An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin á lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.