“Fad a mhair an leanbh,” d'fhreagair sé, “rinne mé troscadh agus caoineadh mar go raibh mé á rá liom féin: ‘Cá bhfios nach mbeadh trua ag an Tiarna dom agus go mairfeadh mo leanbh.’
Dúirt a fheidhmeannaigh leis: “Cad ina thaobh go bhfuil seo á dhéanamh agat? Fad a mhair do leanbh, bhí tú ag troscadh agus ag caoineadh, ach nuair a fuair an leanbh bás, d'éirigh tú agus chaith tú bia.”
“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.
“Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d'urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol.
Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta! Bailígí le chéile, a sheanóirí, áitritheoirí uile na tíre, isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.
Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arís agus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidh sa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibh le haghaidh an Tiarna bhur nDia.
Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef.
Tháinig an captaen chuige agus lig sé béic air: “Hóigh! An i do chodladh atá tú! Éirigh aniar agus glaoigh ar do dhia! B'fhéidir go gcuimhneoidh an dia seo agatsa orainne agus nach gcaillfear sinn.”