Ach leag an Tiarna a lámh ar an rí agus rinneadh lobhar de go lá a bháis, agus mhair sé i dteach leis féin. Bhí Iótám, mac an rí, i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar an tír.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.