Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 12:13

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Dáiví le Nátán: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.” Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú.

Féach an chaibidil Cóip

46 Tagairtí Cros  

Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d'fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”

Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. “Tá peaca trom déanta agam,” ar sé leis an Tiarna. “Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.”

Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”

Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.

Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” D'fhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh.

D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: “A ghiolla Dé, deir an rí ‘Tar anuas.’ ”

Ansin dúirt Dáiví le Dia: “Pheacaigh mé go trom á dhéanamh seo. Ach anois, impím ort an choir seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Bhí mé an-amaideach.”

Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.

Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”

Canann sé an chaithréim seo os comhair daoine: “Pheacaigh mé, agus thréig mé cosán na fíréantachta, Ach ní dhearna [Dia] díoltas orm.

Ní faide an t‑oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.

Saor mé ó choir na fola, a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir, agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.

Nigh go huile mé ó mo chion, agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.

Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.

Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.

Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.

Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.

Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid, níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí. Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm, thuirsigh tú mé le do choireanna.

Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néal agus do chionta ar nós scamaill. Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.

má chránn sé féin, is truachroíoch é leis de réir iomadúlacht a bhuanghrá;

Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta - aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é - an t‑adhaltrach fir agus an t‑adhaltrach mná chomh maith.

An té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

Thug an t‑aingeal an t‑ordú seo a leanas dá lucht freastail: “Bainigí na héadaí salacha de.” Dúirt sé le Iósua ansin: “Féach, conas mar atá mé tar éis do chuid urchóide a thógáil díot agus gléasfaidh mé thú in éadaí taibhseacha.”

agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.

Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’

Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’

Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”

Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.

Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.

agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,

D'fhreagair Sól Samúéil: “Ní amhlaidh a bhí; ach ghéill mé do ghlór an Tiarna, agus chuaigh mé ar an misean ar ar sheol an Tiarna mé; thug mé Agag rí na nAmáiléiceach liom agus leag mé na hAmáiléicigh faoin mbang.

“Pheacaigh mé,” arsa [Sól], “ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí