2 Samúéil 12:11An Bíobla Naofa 1981“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé d'aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo. Féach an chaibidil |
Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: “As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.”
cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.