Tugadh an scéala seo chuig Dáiví: “Ní dheachaigh Úiríá síos chun a thí féin,” a dúirt siad leis. Chuir Dáiví ceist ar Úiríá: “Nach bhfuil aistear fada curtha díot agat? Cén fáth nach ndeachaigh tú síos chun do thí?”
Lá arna mhárach thug Dáiví cuireadh do bheith ag ithe agus ag ól ina chuideachta agus chuir sé ar meisce é. Nuair a tháinig an tráthnóna chuaigh Úiríá amach agus luigh sé ar a thocht in éineacht le garda cosanta a mháistir; ach ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.