Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 11:3

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Dáiví tuairisc na mná seo agus dúradh leis: “Ar ndóigh sin í Baitseaba, iníon Eilíám, bean Úiríá an Hiteach.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ní raibh ag an bhfear bocht ach uan baineann, aon cheann beag amháin a cheannaigh sé. Bheathaigh sé í agus d'fhás sí suas leis féin agus lena chlann, ag ithe a chuid aráin, ag ól as a chupán, ag codladh ar a bhrollach; ba chuma nó a iníon féin leis í.

Eilífilit mac Achasbaí ó Bhéit Mácá. Eilíám mac Aichítifeil ó Ghíolo.

Úiríá an Hiteach - Seachtar agus tríocha ar fad.

Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).

Úiríá an Hiteach. Zábád mac Achlái.

Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;

Ná cuir dúil do chroí ina scéimh, agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;

Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe, gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí