Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 11:21

An Bíobla Naofa 1981

Cé mharaigh Aibímeilic mac Iarubál? Nach ann a chaith bean bró mhuilinn anuas air ó na ballaí agus a mharaigh é i dTéibéiz? Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach do na ballaí?’ abairse ansin: ‘Tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh chomh maith.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Thug muintir na cathrach rúid amach agus rinne ionsaí ar Ióáb; maraíodh cuid den arm agus cuid de sheirbhísigh Dháiví ina measc; agus maraíodh Úiríá an Hiteach i gcuideachta na cuideachta.

má thagann fearg ar an rí, agus go ndeir sé leat: ‘Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach don chathair ag cur an chatha? Nach raibh a fhios agaibh go gcaithfidís libh ó na ballaí?

D'imigh an teachtaire leis, agus ar theacht dó, d'inis sé do Dháiví gach a raibh ordaithe ag Ióáb dó a rá.

Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.

Thit tú faoi mar a thitfeadh duine faoi láimh na gcoirpeach.” Agus chaoin an pobal go léir aris é.

Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna? is ionat atá mo dhóchas ar fad.

Seo mar chuireann an t‑iomlán acu forrán ort: “Tusa freisin, tá tú scriosta mar atáimidne; rinneadh leat mar rinneadh linn féin.”

Tugadh Iarubál ar Ghideón an lá sin, mar dúradar: “Ní foláir do Bhál aighneas a dhéanamh ina choinne, ós rud é gur scrios sé a altóir.”

D'éirigh Iarubál (Gideón is é sin) an-mhoch, agus rinne a lucht leanúna go léir amhlaidh, agus shuíodar a longfort ag Éan Harod; bhí longfort Mhidián lastuaidh díobh, sa chom faoi bhun shliabh Mhóire.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí