Thug muintir na cathrach rúid amach agus rinne ionsaí ar Ióáb; maraíodh cuid den arm agus cuid de sheirbhísigh Dháiví ina measc; agus maraíodh Úiríá an Hiteach i gcuideachta na cuideachta.
Cé mharaigh Aibímeilic mac Iarubál? Nach ann a chaith bean bró mhuilinn anuas air ó na ballaí agus a mharaigh é i dTéibéiz? Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach do na ballaí?’ abairse ansin: ‘Tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh chomh maith.’ ”
Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach.