Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 11:13

An Bíobla Naofa 1981

Lá arna mhárach thug Dáiví cuireadh do bheith ag ithe agus ag ól ina chuideachta agus chuir sé ar meisce é. Nuair a tháinig an tráthnóna chuaigh Úiríá amach agus luigh sé ar a thocht in éineacht le garda cosanta a mháistir; ach ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.

Lean Aibseálóm air: “Mura dtiocfaidh tusa, lig do mo dheartháir Amnón dul linn ar a laghad.” “Cén fáth,” arsa an rí leis, “a rachadh seisean leat?”

Dúirt Maois le hÁrón: “Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?”

Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé.

Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan? cé dó is dán an t‑aighneas, agus an gearán? agus buillí ó gach taobh? agus scamall sa tsúil?

Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana, agus a dhoirteann amach a chuid nimhe nó go mbíonn siad ar meisce aige le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí