Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 11:10

An Bíobla Naofa 1981

Tugadh an scéala seo chuig Dáiví: “Ní dheachaigh Úiríá síos chun a thí féin,” a dúirt siad leis. Chuir Dáiví ceist ar Úiríá: “Nach bhfuil aistear fada curtha díot agat? Cén fáth nach ndeachaigh tú síos chun do thí?”

Féach an chaibidil Cóip

3 Tagairtí Cros  

Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d'anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.”

Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.

Chuir an Tiarna Nátán fáidh chuig Dáiví. Tháinig sé chuige agus is é a dúirt sé: “Bhí beirt fhear san aon bhaile amháin, fear saibhir agus fear bocht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí