Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 11:1

An Bíobla Naofa 1981

Ar theacht na bliana úire, an t‑am is gnách le ríthe dul ag cogaíocht, chuir Dáiví Ióáb amach agus a sheirbhísigh féin agus pobal Iosrael ar fad in éineacht leis. Rinne siad ár ar na hAmónaigh agus chuir siad Rábá faoi léigear. Ach d'fhan Dáiví in Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh theitheadar féin mar an gcéanna ó Aibísí agus isteach leo sa chathair. D'fhill Ióáb ansin ón gcogadh in aghaidh na nAmónach agus tháinig ar ais go Iarúsailéim.

Ansin chuaigh an fáidh suas go rí Iosrael agus dúirt leis: “Tar, bíodh misneach agat, agus meáigh go maith cad tá le déanamh agat, mar tiocfaidh rí Arám aníos i do choinne arís san earrach.”

San earrach chruinnigh Bein Hadad na hArámaigh agus ghabh suas go hAfaec chun troid in aghaidh Iosrael.

Ar theacht na bliana úire, an t‑am is gnách le ríthe dul ar fheachtas, threoraigh Ióáb na saighdiúirí amach agus chreach tír na nAmónach agus d'imigh agus chuir léigear ar Rabá. D'fhan Dáiví in Iarúsailéim. Ghabh Ióáb Rabá, agus rinne sé a scartáil.

In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.

Is liom tír Ghileád, is liom Manaise; is é Eafráim clogad mo chinn, is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;

tráth grá, tráth fuatha, tráth cogaidh, tráth síochána.

Uime sin tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina dtabharfaidh mise faoi deara caismirt chogaidh a chloisteáil in aghaidh Rabat na nAmónach; beidh sí ina cairn uaigneach, dófar a hiníonbhailte go talamh. Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd - an Tiarna a labhraíonn.

Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.] Golaigí os ard, a iníonacha Rabá! Gabhaigí sibh féin i sacéadach, caoinigí in ard bhur gcinn, siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha]. Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht, mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.

Ionas go mbeidh uamhan ina gcroí agus go dtitfidh mórshlua, tá claíomh ar tarraingt agam ag an uile gheata; é ag drithliú agus faobhar air don ár.

lasfaidh mé tine i mballa Rabá agus dófaidh sí a páláis le gáir lá an chatha, le stoirm lá na doininne;

Ansin tiocfaidh an Tiarna amach agus cuirfidh sé cogadh ar na náisiúin sin faoi mar a throideann sé ar lá catha.

(Bá é Óg rí Bháiseán an duine deireanach d'fhuíoll na Rafáím; ba leaba iarainn a leaba, agus nach í atá le feiceáil i Raba na nAmónach? - í naoi mbanlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead, de réir bhanlámh fir.)

Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí