Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla, thogh sé cuid de rogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech.
Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag béal an gheata, ach d'fhan Aramaeigh Zóbá agus Rachob, muintir Thób agus Mhácá, leo féin sa mhachaire.
Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”