Theith na hAramaeigh ó Iosrael, agus mharaigh Dáiví seacht gcéad dá bhfoirne carbaid agus daichead míle marcach; threascair sé Seobác a gceann feadhna freisin agus fuair sé bás ar an toirt.
Nuair a d'insíodar é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile, agus ghabh thar an Iordáin agus tháinig go Haelám. Chuir na hAramaeigh cóiriú catha orthu féin in aghaidh Dháiví agus chuaigh i ngleic leis.
Bhailigh roinnt fear ina thimpeall agus rinne ceannaire buíon foghlaithe de (ach rinne Dáiví ár orthu). Chuaigh siad go dtí an Damaisc agus chuir siad faoi ann agus rinne rí ar an Damaisc de.
Ach theith na hAramaeigh ó Iosrael agus mharaigh Dáiví seacht míle dá bhfoirne carbad, agus daichead míle troitheach; mharaigh sé Seofac a gceann feadhna chomh maith.
Tháinig Bárác ansin agus é sa tóir ar Shíseará. Chuaigh Iáéil amach ina choinne agus dúirt leis: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an fear atá uait.” Chuaigh sé isteach ina both dá bhrí sin; bhí Síseará ina luí ansiúd marbh agus an pionna botha ina uisinn.
Shín sí a lámh agus rug ar an bpionna Agus ina deasláimh rug greim ar thuairgnín an oibrí. Bhuail sí buille ar Shíseará agus bhrúigh a phlaosc; Bhasc sí a uisinn agus chuir an pionna tríthi.